Síneadh & Crapadh 

Anseo cleachtann muid conas an corp a oscailt, a shíneadh amach agus a tharraingt ar ais i dtreo an láir ina dhiaidh sin. Mar shampla, d'fhéadfadh muid páirteanna ar leith den chorp a úsáid chun damhsa idir láithreacht fhisiciúil atá mór agus láithreacht níos lú. Is féidir an corp a úsáid chun mothúcháin a chur in iúl agus a léiriú go hoscailte, agus is féidir an corp a úsáid chun léiriú na mothúchán sin a cheilt arís. Leis na gluaiseachtaí seo go léir, táimid ag foghlaim conas muid féin a léiriú go mór nó go beag ach ár lámh féin bheith ar an diail.

Leá 

Is éard atá i gceist le ‘leá’ ná an ghluaiseacht a úsáideann muid chun ár gcuma fhisiceach a mhaolú. Téann muid níos mó i dtreo an spás atá ionainn. Is mór an acmhainn é seo; cabhrach agus muid ag déileáil le créachtaí, creidimh dhochta nó seanghortaithe ar leibhéal ar bith chun iad a mhaolú. Is bealach é freisin chun suaimhneas agus aonacht ar an urlár damhsa agus sa saol a chothú. 

Lárú 

Cabhraíonn an ghluaiseacht seo linn agus muid ag iarraidh dul i dteagmháil linn féin. Díríonn muid ár n-aird ar na mothúcháin laistigh den chorp, ar phointe cothromaithe inmheánach nó ar ailíniú. Is féidir teacht ar an lár trí lárlíne, tríd an gcroílár, tríd an gluais-lár nó trí Hara. An té a thuigeann an damhsa seo idir bheith láraithe agus gan a bheith láraithe, braitheann sé saoirse agus grástúlacht ón taobh istigh. Má tá muid cleachtaithe ar conas muid féin a lárú arís agus arís eile, foghlaimíonn muid conas teacht chugainn féin arís nuair a leagtar muid i rith ghnáthimeachtaí an tsaoil.

Ag dul i Dtreo Rud agus Imeacht uaidh

Caitheann muid an t-am ar fad nach mór ag gluaiseacht i dtreo rud, nó ag imeacht uaidh: mothúchán, áit, smaointe nach scaipeann, pléisiúir, agus, thar aon rud eile, daoine eile. Má chleachtann muid conas damhsa i dtreo rud nó imeacht uaidh, foghlaimíonn muid conas rogha macánta a dhéanamh idir dul i dtreo aon duine nó aon rud, nó imeacht ón rud nó ón duine sin. Foghlaimíonn muid conas an rogha seo a dhéanamh go gníomhach. Fiú má bhraitheann muid nach bhfuil aon rogha ann seachas dul i dtreo rud atá pianmhar, nó fiú má tá sé de nós againn deis ar chaidreamh fíordhlúithe a sheachaint, is céim mhór chun tosaigh é an cleachtadh seo i dtreo tuisceana agus i dtreo nósanna atá ann le fada an lá a athrú. 

Scaoileadh

Nuair ataimid ábalta teannas, mothúchán agus smaointe a scaoileadh uainn tá scil riachtanach again chun muid féin a leigheas. Tá réimse bealaí ann chun scaoileadh le rudaí: croitheadh, maolú, pocléim, díriú ar an easanáil. Dlúthchuid den scil seo ná eolas coirp a bheith againn idir greim a choinneáil ar mhothúchán agus é a scaoileadh uainn agus a bheith ábalta 'scaoileadh uait' a roghnú go fisiceach. 

Veicteoir

Bheith ábalta fuinneamh ár ngluaiseacht a chasadh i dtreo bealach faoi leith; dul ansin in áit ansiúd, anois in áit amach anseo, ar dheis in áit ar chlé. Nuair a oibríonn muid le veicteoir ciallaíonn sé go ndéanann muid rogha dul i dtreo ar leith nó ar bhealach ar leith (nó cloí leis an treo atá á leanúint). Is féidir linn ár neart go léir a dhíriú in aon treo amháin, is cuma cé chomh dian, bog, caol nó lán le fuinneamh atá ár ngluaiseacht, nó an mhéid fhuinnimh, machnaimh nó mothúcháin atá taobh thiar de. 

Talmhú 

Ciallaíonn talmhú an nasc idir muid féin agus an talamh, ár meáchan agus substaint a bhraith, fréamhú, conas a sheasann muid ar an talamh, an chaoi a ngluaiseann muid thar an talamh, an caidreamh atá again leis an talamh agus conas a bhraitheann muid an nasc sin inár gcorp. Is scil é seo a thacaíonn linn beith i láthair. Gluaiseacht fuinnimh síos tríd an chorp is ea é, a chabhraíonn linn nuair a imíonn muid ón gcothromaíocht nó nuair a chuireann muid an iomarca brú ar an gcorp, ar an intinn nó ar na mothúcháin. Tacaíonn an ghluaiseacht seo linn aireachtáil níos sábháilte inár gcorp agus sa domhan mór. Seasann muid níos láidre agus níos oscailte sa saol dá bharr. 

Feasacht ar Spásúlacht

Is éard atá i gceist le Feasacht ar Spásúlacht ná fios a bheith ag duine cén áit sa spás ina bhfuil sé agus conas gluaiseacht go muiníneach agus go sábháilte sa spás sin. 

Is féidir linn na céadfaí a dhíriú ar an gcruth agus ar an méid atá againn agus muid in aon sheasamh nó in aon áit agus is féidir linn gluaiseacht ón bpointe sin. Is féidir linn damhsa faoi luas misniúil agus scaoileadh gan bualadh faoi dhaoine eile nó muid féin a ghortú.